![]() |
|
An bhfuil a fhios agat go bhfuil 66% de dhaonra an domhain dhátheangach? Is rud coitianta é sa lá atá inniu ann dhá theanga nó níos mó fiú a bheith ag páistí. In Éirinn, tá fás mór tagtha ar thuiscint an dátheangachais agus é ag múscailt spéise i dtuismitheoirí ach go háirithe. Chomh maith le sin, tá tuismitheoirí ann a bhfuil an-suim acu sa Ghaeilge mar theanga bheo chumarsáide an bhaile agus an phobail, agus tá na céadta acu lasmuigh den Ghaeltacht ag tógáil clainne le Gaeilge. Tugann an Ghaeilge, mar theanga an teaghlaigh, go leor buntáistí do do chlann. Ní amháin go n-osclaíonn sí doras nua cumarsáide duit féin agus do do chlann ach cuireann sí le do chuid féiniúlachta féin. Tá buntáistí eile an dátheangachais ann a chuireann go mór le forbairt intleachta, teanga agus sóisialta an pháiste. Mar shampla, a bheith i gcumas scileanna eile a fhorbairt níos tapúla agus smaoineamh níos cruthaithí, bheith i gcumas teangacha eile a shealbhú níos fusa agus taitneamh a bhaint as dhá chultúr. Níl ann ach an tús, mar le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, Stádas Oifigiúil don Ghaeilge san Aontas Eorpach, an tóir atá ar TG4 agus méadú chúrsaí trí Ghaeilge ag an tríú léibhéal, beidh rogha níos leithne ag do pháiste amach anseo maidir le post a fháil. Bunaíodh Comhluadar i 1993 chun tacaíocht agus treoir a thabhairt do thuismitheoirí ar mian leo Gaeilge a labhairt lena gcuid páistí. Le Comhluadar, bíonn deis agat aithne a chur ar dhaoine eile i do cheantar atá ag tógáil clainne le Gaeilge. Is iomaí cairdeas a bhunaítear i gComhluadar – cairdeas idir tuismitheoirí agus páistí. Gach mí, tugtar cuireadh do theaghlaigh teacht le chéile ag réimse leathan ócáidí sóisialta agus oideachasúla, mar shampla cóisirí, ceardlanna agus turais. Anuas ar sin, is guth aontaithe é Comhluadar ar mhaithe le cearta teaghlaigh i gcás seirbhísí poiblí trí Ghaeilge. Tá Comhluadar ag feidhmiú ar bhonn uile-oileánda mar an phríomheagraíocht a chuireann an aistriú teanga ó ghlúin go glúin chun cinn. Aontaímid go léir, na saineolaithe san áireamh, gurb é an baile an suíomh is nádúrtha agus is fearr do shealbhú teanga. |
![]() |
| Comhluadar Teoranta 7 Sráid Lombard Thoir, Baile Átha Cliath 2. Fón: (01) 6715116 Facs: (01) 6710477 |